Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Comharthaí aimsire. Comharthaí ón ghealach agus sa spéir an mhaicréil, comhartha nuair a bhí gaoth mhór nó stoirm ag teacht. Comharthaí óna éanacha, na faoileáin ag eitilt iontach ard sa spéir, comhartha go bhfuil gaoth mhór ag teacht. Comhartha fearthainne: Na rúscáin nochtaithe, an duibheán le feiceáil ina shuí ar an chreig agus a eiteoga spréite aige. An áit a bhíonn na faoileáin ag déanamh neadracha, bráthann seo ar an aimsir. Buailteog ar an ghealach – fáinne thart ar an ghealach. Má tá an fáinne fada ar shiúl uathi tá an doineann giota ar shiúl ach má tá sé deas di, tá an droch aimsir níos cóngaraí dúinn.
Lá Leamhóige, 15 Iúil, má chuireann sé fearthainn ar an lá sin cuirfidh sé ar feadh dhaichead (40) lá.
Lá Bealtaine – luath ar maidin sula n-éireaodh an ghrian, chuireadh siad féar ar an tobar agus ansin bhíodh bainne acu ón bhó i rith na bliana agus im.
Broinn shaoire – lá samhraidh ciún agus an fharraige ciúin, bhíodh an fharraige ag teacht isteach ar an trá agus briotaí beaga ag briseadh agus ag buaileadh isteach ar na creigeacha agus ar an trá.
Sliopacha – tálach in do lámha. | 00:10:37 | |
Ráiteas –Fear gan píopa, fear gan scríste.
Bean gan leanbh, bean gan leithscéal.
An míniú orthu.
Comharthaí aimsire –
Ball roimhe an ghrian; droch aimsir.
Ball ina diaidh tráthnóna; aimsir mhaith.
Cúr ag teacht isteach ar an fharraige; comhartha fearthainne agus cruálach.
Treoir na gaoithe agus cruálach.
An ghealach – oíche smúid ghealaigh. | 00:05:33 | |
Leigheas do bheithíoch – píopaí tobac do bheithíoch dá mbeadh crambaí air.
Cromadh siar faoin asal 3 huaire dá mbíodh triuch ar dhuine.
Leigheas do shleamhnán ar do shúil, 9 spíonóg a phiocadh de chrann spíonóige agus iad a chuimil ar do shúil, ansin iad a chaitheamh thar do ghualainn.
Leigheas do faithní ar do chraiceann, tá lag i gcloch ar chúl an oileáin agus uisce ina luí ann, an t-uisce seo a chur ar na faithní.
Comharthaí Aimsire ó na hainmhithe; caoraigh agus turcaithe.
Sean ráiteas eile: Rinne sé screagán don ghougán agus bogán don screagán. | 00:05:52 | |